Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 131
- XML “Toibreacha Beannaithe”
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)blátanna déasa timcheall ar ballaí an tobair. Tá sgéal ag bainnt leis an tobar beannuighthe seo fréisin. Bhí droch spriod na comnuidhe in aiche leis an tobar beannuighthe seo fadó agus bíodh sé ag caitheamh cloca le na daoine agus bhí éagta mór ag na daoine roimhe. Acht nuair a tháinig Naomh Cíaran chur sé rith air amachgo dtí cnoc mór árd. Mórda an t-ainm a bhí air an spriod seo agus is béag nac raibh na daoine caillthe le faithcios roimhe. Ar taobh an cnuic tamhall béag suas ó'n tobar a bíodh sé na comnuidhe agus nuair a ruaigh an naomh é chur sé an tobhar beannuighthe seo 'na áit agus tughthar tobar Cíarain air ó soin. Téigeann na daoine suas ar an gcnoc freisin agus túgann siad buidheacas do Naomh a ruaigh an droc spriod a bhí ann amach as an áith
- Tá tobar beannuighthe thiar i Ruisinamaniach ar a taobh ó dheas den bhóthar ar a dtugtar Tobar Muire air. Tobar an-bheannuighthe é agus deirtear go bhfuil leigheas ann. Ní tugtar tugtar cuairt ar an tobar acht lá Fhéile Muire sé sin an t-ochtadh lá de Meadhon Fóghmhar. Bíonn go leór daoine as gach ceáird ag tigeacht chuig an tobar an lá sin. Cuid acú ag iarraidh leigheas. Lá i ndiaidh lá Fhéile(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraigh Ó Flaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe